Содержание

Слайд 2

An Nigéir Cá bhfuil an Nigéir? Is tír san Afraic í

An Nigéir

Cá bhfuil an Nigéir?
Is tír san Afraic í an Nigéir.


Iarchoilíneacht Bhriotanach í, atá suite in Iarthar na hAfraice agus achar 923,768 km cearnach ann.
Tá teorainn aici leis an Nígir, Camarún, Sead, agus Beinin.
Tá an Nigéir suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh, Muirsceaill na Guine, Biochta Bheinin is Biochta Bhiafra.

An Nigéir

An tAigéan Atlantach

An Afraic

Léarscáil an Domhain

Слайд 3

Ainm na Tíre: An Nigéir nó Poblacht Chónaidhme na Nigéire Tír

Ainm na Tíre: An Nigéir nó Poblacht Chónaidhme na Nigéire

Tír san

Afraic í an Nigéir nó Poblacht Chónaidhme na Nigéire, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil.
Fuair an Nigéir a hainm ó Abhainn na Nígire, a thosaíonn mar shruth sa Ghuine. Sníonn an abhainn trí Mhailí, an Nígir, Beinin agus an Nigéir. Sileann an abhainn isteach i Muirascaill na Guine ag Deilt na Nígire.
Ta an Nigéir suite 5,146 km ó Éirinn. Glacann an turas ar eitleán ó Éirinn go dtí an Nigéir 7 n-uair an chloig.
Freisin, tá an Nigéir uair an chloig chun cinn orainn in Éirinn.

An Nigéir

Beinin

Nígir

Maili

Guine

Muirsceaill na Guine

Biochta na Beinine

Biochta na Biafra

Deilt na Nígire

An tAigéan Atlantach

Abhantrach an
Nígir

Deilt Intíre na Nígire

An Sahára

Слайд 4

Brat agus Armas na Nigéire Amhrán Násiúnta na Nigéire Is í

Brat agus Armas na Nigéire

Amhrán Násiúnta na Nigéire

Is í an

Nigéir (Poblacht Chónaidhme na Nigéire) an tír leis an daonra agus an saibhreas is mó san Afraic.
An leasainm atá uirthi ná ‘Fathach na hAfraice.’

Brat na Nigéire

Samhaltán na Nigéire

Слайд 5

An Nigéir Limistéar Nigéir: 923,768 km2 Daonra na Nigéire: 182.2 milliún

An Nigéir

Limistéar Nigéir: 923,768 km2
Daonra na Nigéire: 182.2 milliún duine


Tíortha teorann: Tá teorainn ag an Nigéir leis an Nígir, Camarún, Sead, agus Beinin.
Príomhchathair na Nigéire: Abuja
Cathracha móra: Lagos, Kano, Ibadan
An pointe is ísle sa tír: an cósta farraige, 0 m
An pointe is airde sa tír: Chappal Waddi, 2419 m
Aibhneacha is faide: Abhainn na Nígire is An Benue
Cósta: 858 km de Muirsceaill na Guine san tAigéan Atlantach

An Nigéir

Beinin

Nígir

Camarún

Sead

Muirsceaill na Guine

Biocht na Beinine

Biocht na Biafra

Deilt na Nígire

Loch Shead

Abuja

Kano

Ibadan

Iardheisceart

Oirdheisceart

Deisceart

Iarthuaisceart

Tuaisceart

An Lár

Слайд 6

Fíricí Bunúsacha faoin Nigéir Daonra: Thart ar 201 milliún duine Príomhchathair:

Fíricí Bunúsacha faoin Nigéir

Daonra: Thart ar 201 milliún duine
Príomhchathair: Abuja. Bhí

Lagos ina príomhchathair go dtí 1991 ach bheartaigh an rialtas í a athrú go dtí cathair lárnach sa tír, ionas nach mbeadh treibh amháin i gceannas an t-am uilig
Achar dromchla: 923,768 km²
Cúigí na Nigéire: Tá an tír roinnte ina cúigí.
Airgeadra: Úsáidtear an Naria mar airgeadra sa Nigéir.

Daonra: an tír leis an daonra is mó san Aifric

Cúigí na Nigéire

Lagos

Naria

Слайд 7

Dúlra na Nigéire Fadó, chónaigh neart ainmhithe san fhiántas sa Nigéir.

Dúlra na Nigéire

Fadó, chónaigh neart ainmhithe san fhiántas sa Nigéir.

Inniu áfach, tá an chuid is mó de na hainmhithe fiáine i mbaol. Maireann na leoin agus sioráif i dtearmainn dúlra amháin. Sna páirceanna naisiúnta sa Nigéir, luascann na simpeansaithe ó chraobh go craobh is ó chrann go crann. I sléibhte ísle an oirdheiscirt, tá cónaí ar ghoraillí neamhchoitianta, ‘Cross River’ a thugtar orthu i mBéarla.
Maireann roinnt ainmhithe fiáine coitianta sa Nigéir. Satlaíonn muca fiáine sna foraisí báistí. Ritheann na gearga agus na guinithe trasna na machairí. Bíonn na hiolair, an t-ainmhí náisiúnta, ag eitilt go hard os a gcionn. Snámhann na crogaill is na dobhareacha sna hiabhneacha taobh le neart iasc.

sioraf

goraille

leoin

muc fiáine

gearg

crogall

iolar

dobhareacha

Слайд 8

Nigéir: Tír ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha is chúlra Maireann leath de

Nigéir: Tír ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha is chúlra

Maireann leath de dhaonra

na Nigéire faoin tuath. Taistealaíonn muintir na tuaithe ar mhuin asal nó ar rothair. Siúltar roinnt. Sna reigiúin fásaigh, taistealaíonn na daoine ar chamaill.

Tá Lagos ar cheann de na cathracha is mó ar domhan. Bíodh sí ina príomhchathair tráth. Usaideann muintir Lagos gluaisteáin nó gluaisrothair chun taisteal ar fud na cathrach.

Aeráid theochreasach atá le fáil sa deisceart, ach tá an talamh sa tuaisceart ina fhásach beagnach. Sa tuaiseacht atá cathair Jos.
Aeráid: tá aeráid mheánchriosach sa deisceart, aeráid sabhánach sa lár, san fhásach, agus san fhásach ó thuaidh.
Tírdhreacha: ísealchríocha sa deisceart, plátaí sa lár, machairí sa tuaisceart; sléibhte in oirdheisceart na tíre.

Слайд 9

Aimsir na Nigéire Tá an Nigéir ó thuaidh den mhéanchiorcal. Is

Aimsir na Nigéire

Tá an Nigéir ó thuaidh den mhéanchiorcal. Is é

an t-am is fearr chun dul chun na Nigéire ná le linn an tséasúir thirim idir Samhain agus Eanáir.
Is tír ollmhór í an Nigéir, áfach, agus athraíonn an aeráid go mór ó áit go háit.
Is beag báisteach a fhaigheann talamh tur an tuaiscirt roimh mhí Aibreáin, ach sa oirdeisceart tosaíonn an bháisteach, nó seasúr an mhonsúin, chomh luath le Márta nó fiú Feabhra uaireanta.
Tá an tuaisceart níos teo - go minic sroicheann sé i teochtaí os cionn 40 ° C, cé go mbíonn an teas tirim. Bíonn sé níos fuaire sa deisceart, 32 ° C ar an meán.
Ó mhí na Nollag, eiríonn an aimsir níos fuaire de bharr gaoth, ar a dtugtar ‘harmattan’ an tSahára, ach tugann sí triomacht agus deannach míthaitneamhach.
Is iad Márta-Bealtaine na míonna is teo.

Loch Bagauda le linn aimsir thirim

Sléibhte le linn shéasúr an mhonsúin

Bean Gbagby ag baint grán buí

An Mosc in Abuja i rith an harmattan

Слайд 10

Carraig Zuma Ardaíonn Carraig Zuma 725 meadar os cionn talamh sa

Carraig Zuma

Ardaíonn Carraig Zuma 725 meadar os cionn talamh sa Nigéir,

í suite thart ar 45 nóiméad taobh amuigh den phríomhchathair Abuja.
Tá clú is cáil ar an íomhá de Zuma toisc go bhfuil sé le feiceáil ar chúl an nóta 100 naira.
Tá neart finscéalta faoi Charraig Zuma, go háirithe ceann a deir go bhfuil cuma duine uirthi, le súile, srón agus béal.
Maíonn muintir na háite go bhfuil cumhachtaí spioradálta ag an gcarraig, agus chruthaigh ionad só, a tógadh in aice le Zuma, conspóid mar gheall air seo.
Is féidir an monailit seo a dhreapadh, ach toisc nach bhfuil aon siúlbhealach ar an gcarraig féin, is minic go dteastaíonn treoir agus trealamh dreapadóireachta ceart.

Carraig Zuma

Слайд 11

Muintir na Nigéire Roimh a neamhspleáchas i mí Dheireadh Fómhair 1960,

Muintir na Nigéire

Roimh a neamhspleáchas i mí Dheireadh Fómhair 1960, bhí

sé faoi riail choilíneach na Breataine sa dara leath den 19ú haois.
Bhí an náisiún saibhir i gcónaí agus bhí a lán acmhainní eacnamaíocha aici. D’aithin lucht cóilínithe é sin agus bhain siad leas as.
I measc an tsaibhris sa Nigéir, tá ola agus gás, taiscí guail, ire iarainn, aolchloiche, stáin agus sinc, chomh maith le hacmhainní talún agus uisce atá éifeachtach le haghaidh saothrú talmhaíochta.
Tá muintir na tíre il-eitneach agus an-reiligiúnach. Tá creideamh na Moslamach láidir i dtuaisceart na Nigéire, agus an Chríostaíocht láidir sa deisceart.
Chomh maith leis sin, tá muintir na Nigéire an-díograiseach, tuisceanach agus gealgáireach.

Pósadh traidiúsnta Itsekiri

Drumadóirí ó cheantar Kwara

Muintir ón Treibh Fulanis

Páistí ar scoil sa Nigéir

Слайд 12

Teangacha na Nigéire Teanga oifigiúil: Béarla Teangacha eile: Yoruba, Hausa, Igbo,

Teangacha na Nigéire
Teanga oifigiúil: Béarla
Teangacha eile: Yoruba, Hausa, Igbo, Fulani
Comhdhéanamh

Eitneach: Hásais agus Fuláinis, Iarúibis, Íogbóis, Ídeois, Canúiris, Ibibis, Tivis (níos mó ná 250 náisiúntacht agus treibh).

Labhraítear ceithre príomhtheang dhúchasacha, Yoruba, Hausa, Igbo agus , mar aon le cuid mhaith miontheangacha eile sa tír. Úsáidtear an Béarla go forleathan ann freisin.

Слайд 13

Gaeilge Íogbóis Iarúibis Dia duit NDEEWO Ẹ n lẹ! Slán KA

Gaeilge Íogbóis Iarúibis

Dia duit NDEEWO Ẹ n lẹ!
Slán KA Ọ DỊ O

daa bo
Conas atá tú? KEDỤ KA Ị MERE? Ṣe daadaa ni o wa? Le do thoil BIKO Jowo
Go raibh maith agat DAALỤ RINNE O se

Cúpla focal in Íogbóis agus Iarúibis

Слайд 14

Bia na Nigéire Is bia tábhachtach é an t-ionam nó an

Bia na Nigéire

Is bia tábhachtach é an t-ionam nó an práta

milis do mhuintir na Nigéire agus in Iarthar na hAfraice.
Tá anraith Ogbono gambach agus spíosrach. Tá sé déanta de na síolta as an toradh ogbono, atá cosúil le mangó.
Tá an mhilseog Shuku-Shuku déanta as cnó cócó.
Is deoch í Zobo, déanta de bhláthanna dearga ón bplanda Zobo.
Is breá le muintir na Nigéire an béile Fufu. Is liathróidí nó meallta prátaí milse i stobhach iad.

Prátaí milse

Ogbono

Zobo

Shuku-Shuku

Fufu

Слайд 15

Ceol, Damhsa, Caitheamh Aimsire i Saol na Nigéire Ceiliúrann muintir na

Ceol, Damhsa, Caitheamh Aimsire i Saol na Nigéire

Ceiliúrann muintir na Nigéire

an saol atá imithe le rince, trí cheol a sheinm agus le féilte difriúla.
Is aoibhinn leo sacar, an spórt is fearr sa tír. Imríonn cuid eile cispheil. Is breá le cuid eile a bheith ag dornálaíocht nó ag coraíocht. Bíonn suim acu i gcluiche raoin agus faiche.
Tosaíonn páistí na Nigéire ar scoil ag sé bliana d’aois. Maireann an tréimhse sa bhunscoil ar feadh sé bliana. Caitheann siad éide scoile. Múintear a lán ceachtanna trí Bhéarla. Téann cuid acu ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil. Fanann cuid eile sa bhaile nó téann siad amach ag obair.

Fear ag seinm feadóg adhmaid sa Nigéir Theas.

Léim le linn fhéile Eyo i Lagos. Déantar ceiliúradh ar a sinsir le rince.

Foireann sacar na mban ag traenáil

Páistí san iar-bhunscoil

Слайд 16

Daoine Cáiliúla sa Nigéir Olusegun Obasanjo, iar-uachtarán na Nigéire. Genevieve Nnaji,

Daoine Cáiliúla sa Nigéir

Olusegun Obasanjo, iar-uachtarán na Nigéire.

Genevieve Nnaji, aisteoir cáiliúil

í i Nollywood. Is tionscail scannánaíochta é Nollywood. Déantar níos mó scannáin ann ná in Hollywood sna Stáit Aontaithe.

Bhí Chinua Achebe (1930-2013) ar dhuine de na scríbhneoirí ba chlúití a mhair, agus bhain sé cáil dhomhanda amach de bharr a úrscéil, Titeann Rudaí as a Chéile. Aistríodh an leabhar go Gaeilge.

Nwankwo Kanu, iarimreoir sacair sa Nigéir

Слайд 17

L N L V T N J J I C L

L N L V T N J J I C L R D A Z
V N A C R A U C O A Y H P J L
C Q G I A T L A L R Z J R U S
I T O A E T U M A X D I I B Z
A M S R C A G A R R E N O A W
R M G D S M S R I G I A M A S
F R N H I R A N I S S U H I R
A O I E A A H N S O C V C R R
N H N I U H A Y Z E E E H A K
C K I S H G R O L I A A A N I
A T E C T W A E P R R D T R O


M L B E R O O V I O T V H J T
U V D A A N L G B L K W A Z T
Z O V R I J I O K S Z K I A E
M C M T M N Z E L L I A R O G

ABUJA
LAGOS
NIGEIR
SEAD
ZOBO
HARMATTAN
ZUMA
NARIA
IOLAR
LEON
BEININ
CAMARN
NIGIR
AFRAIC
SAHARA
GORAILLE
PRIOMHCHATHAIR
TUAISCEART
IARDHEISCEART
DEISCEART
IARTHUAISCEART

An Nigéir - Focal Cuardach